Doimnic Mac Giolla Bhríde
Is ceoltóir sean-nóis é Doimnic as Gaoth Dobhair i dTír Chonaill, áit a bhfuil aithne air mar cheoltóir ó bhí sé ina ghasúr. Rinne sé staidéar ar an cheol san ollscoil ach is óna áit dhúchais, áit a raibh sé tumtha i gcultúr na háite ó aois óg, a fhaigheann sé a threoir agus a thionchar. Ba ó leithidí Cháitlín Ní Dhomhnaill, a bhí ina comharsan aige, a fuair sé a chuid amhráin, chomh maith le bheith ag éisteacht le ceoltóirí mar Lillis Ó Laoire, Annie Eoghain Éamoinn, Mairéad Ní Mhaonaigh agus ón mháthair Nellie, atá í féin ina scoith cheoltóir.
Tá Doimnic ina stiúrthóir ar Chór Thaobh a’ Leithid, i nGaoth Dobhair, a bhunaigh sé i 2002, agus ar Chór Loch Laoi i mBéal Feirste.
Bhuaigh Doimnic Corn Uí Riada i 2009, rud a bhí ina chúis mór bróid agus athais dó. Is cumadóir ceoil é agus seinneann sé roinnt uirlisí ceoil.
I 2004 d’eisigh Doimnic a chéad cheirnín, Saol na Suáilce, faoinar dúradh:
‘in the musicality of his singing and his innate understanding of the Donegal sean-nós idiom, he is a breath of fresh air.’
‘the album marks the debut of a great new traditional talent.’
Claddagh Records.
